Údaráis Inniúla Náisiúnta

Banc Ceannais na hÉireann

Ainmníodh Banc Ceannais na hÉireann mar an údarás faireachais mhargaidh maidir le cleachtais thoirmiscthe áirithe agus maidir le córais IS ardriosca.

Coimisiún na Meán

Is é Coimisiún na Meán gníomhaireacht na hÉireann chun tírdhreach meán atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt agus a rialáil.

ComReg

Is é ComReg an t-údarás um fhaireachas margaidh agus an t-údarás a thugann fógra in Éirinn chun críoch Threoir 2014/53/AE (an Treoir maidir le Trealamh Raidió). Is éard atá i gceist le trealamh raidió aon táirge leictreach nó leictreonach a astaíonn nó a fhaigheann tonnta raidió d’aon turas chun críche cumarsáide raidió agus/nó rad-aimsiú.

An Coimisiún um Rialáil Iarnróid

Is éard atá sa Choimisiún um Rialáil Iarnróid comhlacht rialála neamhspleách a fheidhmíonn mar Údarás Sábháilteachta agus Inniúil Náisiúnta le haghaidh iompar iarnróid, ceadúnú agus rochtain ar an margadh.

An Coimisiún um Rialáil Fóntais

Is éard atá sa Choimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) rialálaí neamhspleách fuinnimh agus uisce na hÉireann.

An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

Tá an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CICT) ainmnithe mar údarás um fhaireachas margaidh faoi Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga maidir le córais IS ardriosca áirithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí inniúil mar údarás um fhaireachas margaidh maidir le cleachtais thoirmiscthe IS áirithe agus cásanna úsáide ardriosca IS.

An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta

Ainmníodh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta mar cheann de na húdaráis um fhaireachas margaidh faoi Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga agus tá sé freagrach as Córais Sábháilteachta IS le haghaidh sé cinn de na hionstraimí dlí comhchuibhithe de chuid an Aontais atá liostaithe in Alt A, Iarscríbhinn I den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.

An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte

Is é an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte an comhlacht rialála atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht agus feidhmiú feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IVDanna) in Éirinn.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) soláthraí cúraim sláinte agus shóisialta phoiblí na hÉireann. Tá FSS freagrach as seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta a sheachadadh ar fud na hÉireann agus faigheann sí maoiniú ón Rialtas tríd an Roinn Sláinte.

Oifig na Suirbhéireachta Muirí de chuid na Roinne Iompair

Cuireann Riarachán Oifig na Suirbhéireachta Muirí (MSO) tacaíocht riachtanach ar fáil d’Oifig na Suirbhéireachta Muirí (MSO) ionas gur féidir léi a ról a chomhlíonadh mar rialálaí iompair mhuirí.

An tÚdarás Náisiúnta Iompair

Údarás um Fhaireachas Margaidh – Iompair de Bhóthar agus Córais Chliste Bainistíochta Iompair

Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Déanann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) maoirseacht ar chur in úsáid agus úsáid Córas IS i margadh saothair na hÉireann.