Is éard atá sa Choimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) rialálaí neamhspleách fuinnimh agus uisce na hÉireann. Tá tionchar ag obair CRU ar gach baile agus gnólacht in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag CRU soláthar fuinnimh agus uisce sábháilte, slán agus inbhuanaithe a chinntiú chun tairbhe gach custaiméara. Éascaíonn obair CRU gníomhartha agus claochluithe na hÉireann ar son na haeráide i dtreo ‘Glan-nialasachta’. Feidhmíonn CRU laistigh de chreat beartais agus reachtúil a shocraigh an Rialtas agus maoinítear é trí thobhach ar eintitis rialáilte. Faoin Acht um an Intleacht Shaorga a Rialáil, 2026, ainmníodh CRU mar an tÚdarás um Fhaireachas Margaidh le haghaidh Uisce, Teasa, Gáis agus Leictreachais.
Aimsigh tuilleadh eolais: CRU.ie