An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta

Ainmníodh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta mar cheann de na húdaráis um fhaireachas margaidh faoi Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga agus tá sé freagrach as Córais Sábháilteachta IS le haghaidh sé cinn de na hionstraimí dlí comhchuibhithe de chuid an Aontais atá liostaithe in Alt A, Iarscríbhinn I den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.

Is iad seo a leanas na sé ionstraim dlí de chuid an Aontais atá ábhartha don Údarás:

  1. Treoir 2006/42/CE, a mhéid a bhaineann le hinnealra agus táirgí innealra a úsáidtear san áit oibre

  2. Treoir 2014/33/AE; ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta in ardaitheoirí

  3. Treoir 2014/34/AE; táirgí le haghaidh atmaisféir inphléasctha (ATEX)

  4. Treoir 2014/68/AE; trealamh brú

  5. Rialachán (AE) 2016/425, a mhéid a bhaineann sé le trealamh cosanta pearsanta san áit oibre; agus

  6. Rialachán (AE) 2016/426, a mhéid a bhaineann sé le fearais nach fearais tí iad a dhónn breoslaí gásacha

Aimsigh tuilleadh eolais: Health and Safety Authority