Freastalaíonn Banc Ceannais na hÉireann ar leas an phobail trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a choinneáil ar bun, agus a chinntiú ag an am céanna go n-oibríonn an córas airgeadais ar mhaithe le leas tomhaltóirí agus an gheilleagair i gcoitinne.
Ainmnítear an Banc Ceannais mar údarás um fhaireachas margaidh do chleachtais thoirmiscthe áirithe mar a leagtar amach in Airteagal 5(1)(a), (b) agus (c) [le hailíniú leis an I.R. ainmniúcháin chríochnaitheach] den Ghníomh um an Intleacht Shaorga agus do chórais ardriosca AI a luaitear in Iarscríbhinn III, Pointí 5(b) agus (c) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga, i gcás ina gcuirtear na córais sin ar an margadh, i seirbhís nó in úsáid ag soláthraithe seirbhísí airgeadais rialáilte i ndáil dhíreach le soláthar seirbhísí airgeadais rialáilte.
Aimsigh tuilleadh eolais: https://www.centralbank.ie