Cad atá i gCeist le Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga?
Is é Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga an chéad chreat cuimsitheach chun an intleacht shaorga (IS) a rialú ar domhan. Leis an nGníomh, bunaítear tacar coiteann rialacha maidir le forbairt agus úsáid shábháilte, thrédhearcach agus fhreagrach IS, arb é is aidhm chomhcheangailte dó tacaíocht a thabhairt do nuálaíocht agus muinín a chothú.
Glactar cur chuige atá bunaithe ar riosca leis an nGníomh, ina rangaítear an chaoi a n-úsáidtear teicneolaíocht IS agus an riosca a bhaineann léi. Is comhlacht reachtúil neamhspleách í Oifig IS na hÉireann a bunaíodh faoin Acht um an Intleacht Shaorga a Rialáil, 2026, chun cur i bhfeidhm an Achta a chomhordú i gcomhar le hÚdaráis Inniúla Náisiúnta a dhéanfaidh maoirseacht ar úsáid IS laistigh d’earnálacha ar leith.
Cén tionchar a bheidh aige ar do ghnólacht?
Má dhéanann do ghnólacht IS a fhorbairt, a dhíol, a dháileadh nó a úsáid laistigh den Aontas Eorpach, ní mór duit Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga a chomhlíonadh. Is é an chéad chéim aon uirlis, bogearra nó córas IS a úsáidtear i do ghnólacht a shainaithint agus a fháil amach cén chatagóir riosca ina bhfuil siad. Tá sé tábhachtach freisin a sheiceáil nach bhfuil aon chleachtas á úsáid agat a thoirmeasctar leis an nGníomh. Cabhróidh sé sin leat a thuiscint conas a bhaineann an Gníomh le d’eagraíocht agus cabhróidh sé freisin beartais fhreagracha a fhorbairt maidir le húsáid IS.
Related links