Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Mar Údarás um Fhaireachas Margaidh ainmnithe faoin Ghníomh um an Intleacht Shaorga, déanann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) maoirseacht ar chur in úsáid agus úsáid Córas IS i margadh saothair na hÉireann. Déanann sé monatóireacht ar uirlisí IS a chuirtear in úsáid i bhfeidhmeanna a bhaineann le fostaíocht, bainistiú oibrithe nó rochtain ar féinfhostaíocht.

Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, toirmeasctar cur in úsáid córas áirithe, amhail na cinn a bhaineann tátal faoi mhothúcháin fostaithe bunaithe ar shonraí bithmhéadracha san áit oibre agus cumhachtaítear CCÁO na srianta sin a fhorfheidhmiú. Ceanglófar go ndéanfaidh CCÁO faireachas margaidh ar uirlisí IS a úsáidtear i bhfostaíocht, bainistiú oibrithe nó rochtain ar féinfhostaíocht amhail algartaim earcaíochta atá ceadaithe ach curtha sa chatagóir ardriosca agus a éilíonn monatóireacht dá bharr.

Aimsigh tuilleadh eolais: An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre