Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) soláthraí cúraim sláinte agus shóisialta phoiblí na hÉireann. Tá FSS freagrach as seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta a sheachadadh ar fud na hÉireann agus faigheann sí maoiniú ón Rialtas tríd an Roinn Sláinte.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ainmnithe mar an t-údarás um fhaireachas margaidh ó thaobh Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga mar a leagtar amach:
in Iarscríbhinn III, pointe 5(a) a mhéid a bhaineann na córais IS [ardriosca] sin atá liostaithe le rochtain ar sheirbhísí agus sochair cúraim sláinte poiblí riachtanach agus
in Iarscríbhinn III, pointe 5(d) a mhéid a úsáidtear na córais IS [ardriosca] sin atá liostaithe i leith cúram sláinte éigeandála poiblí.
Aimsigh tuilleadh eolais: Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte