Comhlíonadh - D’oibleagáidí a thuiscint

Príomhoibleagáidí

Faoi Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga, tá toirmeasc iomlán ar gach eagraíocht foirmeacha díobhálacha áirithe de chúbláil nó caimiléireacht IS-chumasaithe a chomhlíonann critéir dlí shonracha faoi Airteagal 5.  Ina theannta sin, tá rialacha trédhearcacha i bhfeidhm lena gceanglaítear ort é a chur in iúl go soiléir nuair a bhíonn duine ag idirghníomhú le IS.

Tá feidhm chéimnitheach ag reachtaíocht Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga, agus foráiltear go mbeadh na príomh-gharspriocanna go hiomlán i bhfeidhm faoin 2 Lúnasa 2028. Leis an amlíne, cuirtear san áireamh leasuithe an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a tugadh isteach leis an Omnibus Digiteach maidir leis an IS.

  • 1 Lúnasa 2024 - Teacht i bhfeidhm

  • 2 Feabhra 2025 - Feidhm ag forálacha ginearálta (sainmhínithe agus litearthacht IS) agus toirmisc

  • 2 Lúnasa 2025 - Feidhm ag rialacha maidir le IS ilchuspóireach agus ní mór rialachas bheith i bhfeidhm

  • 02 Lúnasa 2026 - Tagann mórchuid rialacha an Ghnímh um an Intleacht Shaorga i bhfeidhm agus tosaíonn forfheidhmiú na rialacha infheidhme

  • 2 Nollaig 2026 - Feidhm ag toirmisc nua + aistriú Airteagal 50(2) **

  • 2 Lúnasa 2027 - Ba cheart go mbeadh bosca gainimh rialála IS amháin ar a laghad in aghaidh na tíre á oibriú ag na Ballstáit

  • 2 Nollaig 2027 - Feidhm ag rialacha maidir le córais IS ardriosca in Iarscríbhinn III **

  • 2 Lúnasa 2028 - Feidhm ag rialacha maidir le IS ardriosca leabaithe i dtáirgí rialáilte a chlúdaítear le hIarscríbhinn I **

** Tar éis Omnibus Digiteach maidir leis an IS, leasaíodh forálacha áirithe an Ghnímh um an Intleacht Shaorga.

Comhlíonadh a bhaint amach

Má leantar an nasc thíos chuig an Seiceálaí Comhlíonta Gnímh um an Intleacht Shaorga treorófar thú trí shraith ceisteanna atá ceaptha chun measúnú a dhéanamh ar do leibhéal riosca agus achoimre a thabhairt ar d’oibleagáidí faoi Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga. Áirítear leis mínithe úsáideacha chun cabhrú leat é a chomhlánú, ach má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Údarás Inniúil Náisiúnta ábhartha ón liosta ag an nasc thíos.

Naisc ghaolmhara