Tá an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CICT) ainmnithe mar údarás um fhaireachas margaidh faoi Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga maidir le córais IS ardriosca áirithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. Áirítear leo sin córais IS a úsáidtear i mbréagáin, táirgí gáis baile agus trealamh cosanta pearsanta i suíomhanna fóillíochta. Déanfaidh CICT monatóireacht agus forfheidhmiú maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí infheidhme ó thaobh na gcóras sin de.
Aimsigh tuilleadh eolais: Competition and Consumer Protection Commission