Is é Coimisiún na Meán gníomhaireacht na hÉireann chun tírdhreach meán atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt agus a rialáil.
Tá Coimisiún na Meán ainmnithe mar Údarás Faireachais Margaidh faoin nGníomh IS agus déanfaidh sé maoirseacht ar chomhlíonadh catagóirí áirithe oibreoirí lena n-oibleagáidí, a bhaineann le cleachtais thoirmiscthe mar a leagtar amach in Airteagail 5(1)(a) agus 5(1)(b) agus oibleagáidí trédhearcachta mar a leagtar amach in Airteagal 50, lena n-áirítear:
Seirbhísí idirghabhálacha;
Seirbhísí meán closamhairc;
Seirbhísí craolacháin fuaime;
Seirbhísí ábhartha ar líne arna n-ainmniú faoi alt 139E den Acht Craolacháin 2009; agus
Seirbhísí óstála.
Sainaithníodh Coimisiún na Meán freisin mar Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha (FRA) chun críocha Airteagal 77 den Ghníomh IS.
Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar https://www.cnam.ie/