IS a úsáid go sábháilte

Cosain thú féin ar líne

Cé gur féidir le huirlisí IS cuidiú leat ceisteanna a fhreagairt, téacs a dhréachtú agus tascanna laethúla a críochnú, tá sé tábhachtach tuiscint a fháil ar conas iad a úsáid.

Mar shampla, sula gclóscríobhann tú rud ar bith isteach in uirlis IS, ba cheart duit a sheiceáil i gcónaí an bhfuil sonraí pearsanta, airgeadais nó leighis curtha isteach agat. Ná roinn eolas ach le seirbhísí a bhfuil iontaoibh agat astu.

Tá sé tábhachtach a chuimhneamh agus uirlisí IS á n-úsáid agat gur féidir leo freagraí a thabhairt atá mícheart nó as dáta. Seiceáil fíricí i bhfoinse iontaofa sula ndéanann tú beart ina leith, go háirithe nuair atá cinntí faoi do shláinte, d’airgead nó do chearta dlíthiúla i gceist.

Ábhar IS-ghinte a aithint

Is féidir le IS téacs, íomhánna, fuaim agus físeán réalaíoch a chruthú. Tá an chuid is mó den ábhar sin neamh-dhíobhálach, ach féadtar IS a úsáid chun bréageolas a scaipeadh nó fíordhaoine a phearsanú. Mar sin féin, tá an t-ábhar sin níos éasca a shainaithint anois, mar thoradh ar rialacha nua AE a tháinig i bhfeidhm an 2 Lúnasa 2026, lena gceanglaítear nach mór lipéad soiléir a bheith ar ábhar áirithe IS-ghinte gurb amhlaidh iad, lena n-áirítear bréagfhíseáin réalaíocha ar a dtugtar domhainbhrionnuithe.

Mar aon leis an rialú nua sin, tá bearta éasca is féidir a dhéanamh chun ábhar díobhálach a bhrath, mar shampla, a bheith san airdeall ar mhaímh a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad rómhaith le bheith fíor, agus eolas tábhachtach a chros-seiceáil i bhfoinse iontaofa.

Le Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga, tugtar an ceart do dhaoine le bheith ar an eolas nuair atá siad ag idirghníomhú le IS nó ag féachaint ar ábhar IS-ghinte, rud a chabhraíonn le daoine cinntí feasacha a dhéanamh faoi na nithe a fheictear agus a úsáidtear. Tá feidhm ag na rialacha trédhearcachta ón 2 Lúnasa 2026, rud a chiallaíonn nach mór d’eagraíochtaí córais IS áirithe, domhainbhrionnuithe agus ábhar IS-ghinte a shainaithint go soiléir ionas nach gcuirfear daoine amú.

Naisc ghaolmhara