Clár Bosca Gainimh Rialála IS na hÉireann

Cén fáth ar cheart páirt a ghlacadh? 

Leis an mBosca Gainimh, atá á fhorbairt faoi láthair, ligfear d’eagraíochtaí, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, taighdeoirí agus eagraíochtaí earnála poiblí atá ag forbairt réitigh nuálacha IS, tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a mbaineann Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga leo. Ag obair i gcomhar le rialálaithe, cabhróidh an Bosca Gainimh le ceisteanna comhlíontachta a shainaithint ar chéim luath agus tabharfar deis do rannpháirtithe IS a thástáil i dtimpeallacht thacúil le linn dóibh bheith ag obair i dtreo comhlíonadh rialála le Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Cuirfear sonraí maidir le hincháilitheacht agus an próiseas iarratais ar fáil tar éis don Bhosca Gainimh bheith forbartha. Liostáil lenár gcainéil meán sóisialta chun a chinntiú go bhfanfaidh tú ar an eolas.

Naisc ghaolmhara