Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí inniúil mar Údarás um Fhaireachas Margaidh faoi Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga mar a ainmníodh faoi I.R. Uimh. 366/2025, i leith na réimsí seo a leanas:
maidir le cleachtais thoirmiscthe IS áirithe faoi Airteagal 5
maidir le córais Ardriosca áirithe Iarscríbhinn III faoi Airteagal 6(2)
Tabhair faoi deara: tá rialáil cleachtas toirmiscthe IS áirithe faoi Airteagal 5 de Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga ag brath ar fhachtóirí eile atá faoi bhreithniú in áiteanna eile, agus tá síneadh 16 mhí curtha leis an dáta infheidhmeachta maidir le bearta i gcás córas IS Ardriosca (Iarscríbhinn III) ón dáta bunaidh 2026, i.e. le bheith infheidhme tráth nach déanaí ná an 2 Nollaig 2027.
Aimsigh tuilleadh eolais: An Coimisiún um Chosaint Sonraí