Is é an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte an comhlacht rialála atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht agus feidhmiú feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IVDanna) in Éirinn. Is éard atá i bhfeistí leighis táirgí, trealamh nó bogearraí atá beartaithe ag a monaróir chun críche leighis, amhail galair a dhiagnóisiú, a chóireáil nó a chosc, nó tinneas, gortú nó riocht eile sláinte a bhainistiú. Is éard atá i bhfeistí leighis diagnóiseacha in vitro tástálacha a úsáidtear ar shamplaí bitheolaíocha chun stádas sláinte duine a dhéanamh amach.
Laistigh den Aontas Eorpach, rialáiltear feistí leighis faoin Rialachán maidir le Feistí Leighis agus rialáiltear feistí leighis diagnóiseacha in vitro faoin Rialachán maidir le Feistí Leighis Diagnóiseacha In Vitro.
Aimsigh tuilleadh eolais: www.hpra.ie.