Do chearta
Le Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga, socraítear rialacha le haghaidh eagraíochtaí a fhorbraíonn nó a úsáideann IS. Tá feidhm ag na rialacha is dochta i gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag IS ar do shábháilteacht nó ar do chearta, mar shampla, i gcúrsaí earcaíochta, cinntí creidmheasa nó rochtain ar sheirbhísí poiblí.
Faoin nGníomh:
tá cosc iomlán ar roinnt úsáidí IS de bharr riosca ró-ard do dhaoine
ní mór do IS a úsáidtear i réimsí ardriosca diancheanglais a chomhlíonadh, maoirseacht daonna ina measc
i gcásanna áirithe, ní mór d’eagraíochtaí daoine a chur ar an eolas nuair atá siad ag déileáil le IS
Cúis imní a chur in iúl
Má tá imní ort nach bhfuil eagraíocht ag cloí le rialacha IS AE mar is ceart, cuir é sin in iúl dúinn tríd an bhfoirm seo a úsáid: Déan teagmháil le deasc seirbhíse Oifig IS na hÉireann.
Cuirfimid do thuairisc in iúl don rialálaí cuí ó fhoireann na nÚdarás Inniúil Náisiúnta a chomhordaíonn Oifig IS na hÉireann.
Naisc ghaolmhara