Beartas Príobháideachta

Is rialaitheoir sonraí í Oifig IS Na hÉireann

Féadfaidh an Oifig sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán Ginearálta AE maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 (RGCS) agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018 a mhéid is gá agus is comhréireach chun feidhmeanna na hOifige a chomhlíonadh faoi Acht 2026 agus faoi Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga araon.

Le hAlt 51(2) d’Acht 2026, ainmnítear an Oifig mar rialaitheoir sonraí i ndáil le sonraí pearsanta atá á bpróiseáil aici chun a feidhmeanna a chomhlíonadh faoi Acht 2026 agus faoi Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga araon.

Dlíthiúlacht na Próiseála

Déanfaidh an Oifig do shonraí a phróiseáil go dleathach bunaithe ar cheann amháin de na forais seo a leanas, nó ar mheascán díobh:

(a)    Tá toiliú tugtha agat chun do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch shonrach amháin nó níos mó

(b)    Is gá do shonraí pearsanta a phróiseáil chun oibleagáidí dlíthiúla a bhfuil an Oifig faoina réir a chomhlíonadh

(c)    Is gá do shonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh tasc chun cúram ar mhaithe le leas an phobail a dhéanamh nó le linn fheidhmiú údarás oifigiúil na hOifige

Conas a úsáidimid d’fhaisnéis

Is é cuspóir an Bheartais Phríobháideachta seo faisnéis a chur ar fáil faoin gcaoi a ndéanann Oifig IS na hÉireann (an Oifig) sonraí pearsanta a bhailiú, a stóráil, a chomhroinnt nó a choinneáil i gcomhréir le Rialachán Ginearálta AE maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 (RGCS) agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Cén cineál faisnéise a bhailímid

Baileoimid faisnéis a chuireann tú ar fáil go díreach, agus faisnéis a bhailítear go huathoibríoch.

Áireofar san fhaisnéis a chuireann tú ar fáil go díreach sonraí teagmhála pearsanta uait, amhail seoltaí poist agus ríomhphoist, uimhreacha teileafóin agus faisnéis phearsanta a d’fhéadfaí a bheith san áireamh i bhfoirmeacha nó i gceangaltáin le foirmeacha a cuireadh faoi bhráid na Deisce Seirbhíse IS. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta íogaire san áireamh in ábhar a sheoltar chuig an Deasc Seirbhíse IS chun bunús a thabhairt le do thuairisc chuig an Deasc Seirbhíse IS, beidh siad faoi réir bearta breise (féach Ráiteas Slándála Sonraí thíos).

Maidir le faisnéis a bhailítear go huathoibríoch, d’fhéadfadh sonraí pearsanta cuairteoirí ar shuíomh gréasáin na hOifige IS agus a théann trí ábhar an tsuímh gréasáin agus ar gá leo fianáin a cheadú chun an tseirbhís a úsáid a bheith san áireamh. Ní dhéanfaidh an Oifig IS aon iarracht cuairteoirí aonair a shainaithint, ná na mionsonraí teicniúla atá liostaithe thuas a cheangal le duine aonair ar bith. Ní úsáidtear iad ach chun críoch staidrimh nó riaracháin eile amháin.

Cé a fhaigheann sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ag an Oifig?

I gcás inar gá do shonraí pearsanta a chomhroinnt le tríú páirtí, ní dhéanfaimid é sin ach ar bhonn do thoilithe, ar bhonn nach mór dúinn iad a chomhroinnt chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla féin a chomhlíonadh nó ionas gur féidir linn feidhm reachtúil atá againn a fheidhmiú.

Nuair a fhaighimid ceist ag an Deasc Seirbhíse IS, d’fhéadfaí gur gá dúinn d’fhaisnéis phearsanta a chomhroinnt le hÚdaráis um Fhaireachas Margaidh áirithe nó páirtithe eile lena mbaineann. Breithneoimid aon iarraidh ar anaithnideacht maidir le ceist ar ár nDeasc Seirbhíse IS, ach ní féidir linn a dheimhniú go mbeidh sé indéanta í a choinneáil i ngach cás. I measc na dtríú páirtithe a bhféadfaimis faisnéis a nochtadh dóibh agus muid ag féachaint lenár n-oibleagáidí a chomhlíonadh agus ár bhfeidhmeanna a dhéanamh, tá eagraíochtaí amhail na hÚdaráis um Fhaireachas Margaidh[1], an Bord Eorpach um an Intleacht Shaorga agus comhlachtaí forfheidhmithe dlí.

Deasc Seirbhíse Oifige IS na hÉireann a Úsáid

Aon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú don Oifig trí chumarsáid leictreonach nó neamhleictreonach, agus úsáid á baint as an bhfoirm ceiste ar Dheasc Seirbhíse IS na hOifige nó ar shlí eile, déileálfar léi de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, i gcomhréir dhlúth leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus le RGCS.

Déanfar do shonraí pearsanta a bhailiú, a úsáid agus a stóráil chun aghaidh a thabhairt ar ábhar ábhartha do chomhfhreagrais le Deasc Seirbhíse na hOifige nó ar chúis eile agus féadtar iad a úsáid chun staitisticí a thiomsú. Ní úsáidfear iad chun aon chríche eile ach amháin mar a fhoráiltear sa Ráiteas seo. I gcás ina bhfuil naisc ar an suíomh gréasáin seo le suíomhanna gréasáin seachtracha agus aon na le suíomhanna gréasáin eile, beidh siad inaitheanta go soiléir mar shuíomhanna den sórt sin. Níl an Oifig freagrach as ábhar nó as cleachtais phríobháideachta suíomhanna eile. Is é beartas na hOifige gan nascadh ach le suíomhanna neamhthráchtála atá ábhartha d’feidhmeanna na hOifige, lena n-áirítear gníomhaíochtaí Údarás um Fhaireachas Margaidh agus eagraíochtaí a chuireann litearthacht IS chun cinn.

Nuair a sheolann tú foirm ceiste comhlíonta chugainn, gintear comhad. De ghnáth, beidh faisnéis phearsanta faoin duine atá ag cur ceiste agus faoi dhaoine aonair ar bith eile atá ainmnithe san fhoirm sa chomhad.

Mar a luadh thuas, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort do cheist a tharchur chuig Údarás um Fhaireachas Margaidh chun go mbreithneoidís í chun do cheist a réiteach. Baileoimid agus foilseoimid cás-staidéir agus faisnéis staitistiúil ar líon agus ar chineál na gceisteanna a fhaighimid, ach déantar an fhaisnéis uile a anaithnidiú agus ní shainaithnítear aon duine aonair inti ach amháin i gcásanna ina bhfuil an fhaisnéis tagtha go dleathach isteach sa réimse poiblí cheana féin.

Má sholáthraíonn tú sonraí pearsanta íogaire chun dul i ngleic leis an Deasc Seirbhíse IS, déanfar bearta cuí chun a chinntiú go stóráiltear agus go bpróiseáiltear iad go sábháilte. Coinneofar an fhaisnéis atá sa chomhad ceiste de réir ár mbeartas coinneála go dtí an dáta atá socraithe dá scriosadh. Coimeádfar í i dtimpeallacht shlán agus ní sholáthrófar í ach dóibh siúd a bhfuil gá leo í a rochtain.

Ríomhphost agus cumarsáid i scríbhinn a sheoladh chugainn

Déanfar aon ríomhphost nó comhfhreagras i scríbhinn a sheoltar chugainn a thaifeadadh agus a chur ar aghaidh chuig an Stiúrthóireacht ábhartha. Beidh seoladh ríomhphoist an tseoltóra le feiceáil i gcónaí ag an bhfoireann uile a bhfuil de chúram orthu déileáil leis an gceist. Bí ar an eolas gurb í freagracht an tseoltóra a chinntiú go bhfuil ábhar a ríomhphoist laistigh de theorainneacha an dlí. D’fhéadfadh sé go dtuairisceofar ábhar gan iarraidh de chineál coiriúil d’údaráis ábhartha eile agus go mblocálfar é.

Rochtain ar fhaisnéis phearsanta

Freagróidh an Oifig d’iarrataí a dhéantar faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018 agus faoi RGCS, ach táimid faoi cheangal ag dualgas reachtúil rúndachta maidir le catagóirí áirithe faisnéise agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaimid faisnéis a scaoileadh leat, fiú más tusa an t-ábhar sonraí.

Aistrithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Féadfar do shonraí pearsanta a aistriú, a stóráil agus a phróiseáil i dtír amháin nó níos mó lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”), mar shampla, nuair a úsáideann ceann dár soláthraithe seirbhíse tríú páirtí fostaithe nó trealamh atá lonnaithe lasmuigh de LEE. I gcás aistrithe do shonraí pearsanta chuig tríú páirtithe lasmuigh de LEE, glacaimid bearta breise i gcomhréir leis an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Cuirfimid coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm maidir le cosaint do phríobháideachta, do chearta bunúsacha agus do shaoirsí, agus feidhmiú do chearta, e.g. bunóimid leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí trí Chlásail Chonarthacha Chaighdeánacha AE bunaithe ar chlásail shamplacha de chuid Choimisiúin an Aontais.

Slándáil Sonraí

Déanfaimid bearta slándála chun aon sonraí pearsanta atá i seilbh na hOifige a chosaint ar scriosadh, cailleadh nó athrú, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach, agus ar nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe. Ní thugtar rochtain ar do shonraí pearsanta – go háirithe nuair a chuireann tú sonraí pearsanta íogaire ar fáil – ach d’fhoireann na hOifige IS a gceanglaítear orthu do shonraí a phróiseáil de bharr a róil agus, in imthosca áirithe, do thríú páirtithe (féach an roinn “Sonraí Pearsanta a Chomhroinnt” thuas).

Do chearta

Tá cearta agat maidir le do shonraí pearsanta, mar dhuine is ábhar do na sonraí.

Tábhachtach: Tá na cearta sin faoi réir srianta áirithe.

An ceart rochtana: Tá sé de cheart agat rochtain ar an fhaisnéis a choinníomar fút a iarraidh.

An ceart go ndéanfaí ceartúcháin agus léirscriosadh sonraí: Má tá do shonraí pearsanta míchruinn, tá sé de cheart agat na sonraí a cheartú. Má tá do shonraí pearsanta easnamhach, tá sé de cheart agat go gcomhlánófaí na sonraí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí fhaisnéis fhorlíontach a sholáthar. Tá sé de cheart agat a iarraidh go ndéanfaí do shonraí a léirscriosadh in imthosca teoranta áirithe.

An ceart go gcuirfí srian le próiseáil: Tá ceart teoranta agat go gcuirfí srian le próiseáil do shonraí phearsanta ag rialaitheoir sonraí.

An ceart chun agóid a dhéanamh: Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i leith cineálacha próiseála áirithe do shonraí phearsanta i gcás ina bhfuil an phróiseáil á déanamh i ndáil le tascanna atá ar mhaithe le leas an phobail, faoi údarás oifigiúil nó ar mhaith le leasa dlisteanacha daoine eile.

An ceart chun iniomparthachta sonraí: I gcásanna áirithe, féadfaidh tú a bheith i dteideal do shonraí pearsanta a fháil ó rialaitheoir sonraí i bhformáid a fhágann go bhfuil sé níos éasca d’fhaisnéis a athúsáid i gcomhthéacs eile, agus na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir sonraí eile de do rogha féin gan bhac.

An ceart chun gearán a dhéanamh:

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh le Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí: info@dataprotection.ie An Coimisinéir Cosanta Sonraí, 6 Rae Pheambhróg, Baile Átha Cliath 2. D02 X963

Féach suíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (Déan teagmháil linn | An Coimisiún um Chosaint Sonraí) le haghaidh tuilleadh eolais.

Athruithe ar an mBeartas

Coimeádaimid an ceart againn féin athruithe a dhéanamh ar an bhFógra Príobháideachta am ar bith faoinár rogha féin. Má dhéanaimid athruithe ar an mBeartas Príobháideachta, foilseoimid aon athrú ábhartha ar ár suíomh gréasáin.

Sonraí teagmhála

Má tá tuilleadh eolais uait maidir lenár Ráiteas Príobháideachta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifig um Chosaint Sonraí, an tUas. Alexander Cosgrave, ag info@aioffice.gov.ie nó scríobh chugainn ag: Oifig IS na hÉireann, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 TD 30

Tabhair faoi deara: Is iad na hÚdaráis um Fhaireachas Margaidh Banc Ceannais na hÉireann, an Coimisiún um Chosaint Sonraí, Coimisiún na Meán, an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg), an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CICT), an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO), Coimisiún um Rialáil Iarnróid, an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), Oifig na Suirbhéireachta Muirí (MSO), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI).

Beartas Fianán